Nuair a bhí mé óg i mbláth mo mhaitheasa ,
i dtithe tábhairne ag cur gach lá amú ,
ansin a bhuail mé leatsa ,
i mo shuí ag ól mo sháith ,
ansin a rug tú greim orm ,
tá an greim sin orm go fóill .
Is tú an diabhal rua in am ar bith ,
i mo shuaimhneas go mbuailtear mé le buille ,
cuirtear mo mheabhair ar strae ,
scairtim línte amhráin amach ,
Caillim mo chuimhne , ní réitímse
go bhfaighfainn deoichín eile .
Is tú an rógaire glic gan amhras ar bith ,
níl leigheas le fáil ar do chuideachta ,
chuir mé gach pingin amú ,
is blianta is fearr mo shaoil ,
ar do draíochta d'ainneoinn dochar ,
d'ainneoinn síocháin nó achrann .
Uisce beatha ar maidin nó san oíche ,
cumhacht le ceol le damhsa nó grá nó troid ,
mar sin i gcibé mí-ádh ,
glacaimse leat mar atá ,
mar chara dom nó namhad dom ,
an ceann is fearr i bhfad .